Latest News & Updates

Aontas na Sceimhlitheoirí

29/08/07

Nochtadh dealbh i Washington na Stát Aontaithe le déanaí ag comóradh ról an FBI i dtraenáil “frith-sceimhlitheoireachta” an RUC.

Iar-cheannfort an RUC Ronnie Flanagan a nocht an dealbh seo i Quantico, ceannáras náisiúnta an FBI.

Tharla an imeacht seo i rith Sheachtain Náisiúnta Cuimhneacháin Oifigigh Feidmithe Dlí Mheiriceá. Bhí grúpa thar ceann an RUC/PSNI i láthair ag an nochtadh.

Arsa Dáith Mac an Mháistir, urlabhraí éirígí, “Is léir gur féidir leis an dá eagras seo ithe as béal a chéile.

“Tá siad araon i mbun oibre ag cosaint rialtais éagóracha agus lofa, trí phróiseas eagraithe leatrom ar chearta daonna.

“Ar ndóigh tá drochchlú ar Mheiriceá as an chineál traenála a thugann an stát sin do fhórsaí éagsúla na cruinne, fórsaí na ndeachtóireachtaí i Meiriceá Laidineach ach go háirithe.

“Má dhéanaimid machnamh ar an dóigh ina raibh stát na Breataine taobh thiar de scuaid aontactacha an mharaithe, agus an dóigh ina raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá taobh i mbun na gContra i Nicearagua ina seachchogadh féin, caithfidh muid ceisteanna a chur faoi nadúr na traenála a bhí ag dul ar aghaidh i Quantico.

“Ar ndóigh tugann siad ‘firth-sceimhitheoireacht’ air ach tá a fhios againn go maith cé hiad na fíor-sceimhlitheoirí.”

Donate to éirígí
If you would like to support éirígí you can download a standing order form here

Donate to éirígí

Email Us
If you would like to be informed of website updates and current campaigns let us know by clicking here


Download
Download Adobe Reader here to view archived documents.

Join éirígí
If you are interested in joining éirígí or have any questions about membership e-mail membership@eirigi.org or phone 086 236 7298

Contact Us

“If you strike at, imprison, or kill us, out of our prisons or graves we will still evoke a spirit that will thwart you, and perhaps, raise a force that will destroy you! We defy you! Do your worst!”

Archives