Latest News & Updates

‘Dípholaitiú’ – Tuaisceart Éireann Nua ag ‘glacadh seilbhe’ ar an Ghaeilge

20/09/11

(Click here for English version.)

Feargal Mac IonnrachtaighSan alt seo, tugann an gníomhaíoch Gaeilge Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Bhéal Feirste a anailís ar fhorbairtí i dtaca leis an teanga sna Sé Chondae ar na mallaibh...

Is beag saineolaí teanga, polaitíochta nó socheolaíochta nach mbeadh in aontas le tuaraim clúiteach Naom Chomsky gur ‘ceisteanna cumhachta i gcónaí iad ceisteanna teanga’. Mar sin de, tá teangacha fite fuaite leis an pholaitíocht ar gach slí. Tá an nasc seo i bhfad níos soiléire i gcomhthéacs an choilíneachais, nuair atá ansmacht an chultúir dhúchasaigh mar phríomhchloch ar pháidrín an ionraidh choilínigh. Ar an bhonn seo, ní tharlaíonn meath teanga ariamh i bpobail atá saibhir agus faoi phribhléid ach dóibh siúd atá díshealbhaithe agus díchumhachtaithe amháin. Lena chois sin, níorbh ann don chúlú teangeolaíochta chéanna in éagmais an daorsmachta shoch-chultúrtha agus shoch-eacnamaíochta ach bíonn sí fréamhaithe mar dhlúthchuid don díshealbhú chultúrtha agus pholaitíochta atá tiomáinte ag leithcheal agus ansmacht follasach. Níl aon áit ina raibh an próiseas seo níos aitheanta ná in Éirinn, a raibh meath cultúrtha ag luas gan comparáid i stair na hEorpa inti, mar thoradh ar choilíneachas foréigneach a shroich a bhuaic le cur i bhfeidhm bruidiúil na scoileanna náisiúnta agus léirscrios an Ocrais Mhóir i lár na Naoú hAoise Dhéag.

Sna cúinsí seo, is tionscnamh polaitiúil é gach iarracht chun athbheochan a dhéanamh ar an chultúr atá i mbaol nó chun ‘díchoiliniú’ a chur i gcrích. In Éirinn, b’iad bunú Chumann Lúthchleas Gael in 1884 agus Conradh na Gaeilge in 1893 a sheas mar chomhartha breithe ar an díchoiliniú chultúrtha agus polaitiúil. Pádraig Mac Piarais féin a dúirt, ‘nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, cuireadh tús le réabhlóid na hÉireann’ agus tháinig tuar fán tairngneacht le hÉirí Amach na Cásca in 1916 agus an tréimhse réabhloideach san blianta ina dhiaidh. Mar thoradh, gabhadh baill den Chonradh agus cuireadh i ngéibheann iad. D’fhéachtaí ar aon iarracht i dtreo athbheochan teanga mar bhagairt ar smacht cultúrtha na Breataine. Bheadh oidhreacht an choilínithe chultúrtha seo le sonrú go tréan nuair a bunaíodh stát Thuaisceart Éireann fríd an chríochdheighilt in 1920. Bhí naimhdeas agus géarleanúint reachtúil i mbarr a réime leis an teanga agus a gcuid tacadóirí brandáilte mar ‘avowed enemies’ an stáit Oráistigh. Iomlán coimhthithe ón stát ‘páirtí aonaraigh’, rinneadh ‘dul chun cinn’ na Gaeilge a chleachtadh in ‘Uladh faoi Cheilt’ san Ardscoil Ultach agus Cumann Chluain Ard, áit ar éirigh léi maireachtáil beag beann ar na constaicí. Is ó na síolta modhúla seo a d’eascair an tionscadal réabhloideach féinchuidithe ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe a spreag an Ghaelscolaíocht agus athbheochan comhaimseartha na Gaeilge i dtuaisceart na tíre chun beatha. Bhláthaigh an tógra seo faoi thionchar claochlaithe na Stailceanna Ocrais sna luath hOchtóidí, agus an teanga ag spreagadh mothúcháin féiniúlachta agus cumhachtaithe i bpobail faoi léigear.

Is sa chomhthéacs seo a d’fhorbair Rialtas na Bréataine agus OTÉ (Oifig Thuaisceart Éireann) straitéis scoilteach chun an teanga a chomhshamhlú isteach i ndíoscúrsa an ‘dá thraidisiúin i dTuaisceart Éireann’ tríd imeallú a dhéanamh ar tógraí athbheochána radacacha. Ag an am, bhrúigh OTÉ scoilt i ngluaiseacht na teanga fríd tacaíocht airgeadais a sholáthar do thionscadal Ghaeilge tras-phobal darbh ainm Iontaobhas Ultach, a bunaíodh in 1989, i ndiaidh don Cultural Traditions Group an obair talún ar fad a dhéanamh. Bhí sé d’aidhm ag an straitéis seo ‘Gaeilgeoirí measúla’ a chur chun cinn, agus grúpaí athbheochana i gceantair phoblachtánacha bheith thíos leis. Is mar seo a tháinig díoscúrsa ‘dípholaitithe’ an OTÉ ar an tsaol. I mí Lúnasa 1990, baineadh maoiniú ó Glór na nGael, grúpa Gaeilge a bhí ag feidhmiú i bpobal Iarthar Bhéal Feirste, fríd pholasaí ghrinnfhiosrúcháin pholaitiúil ag OTÉ. Ag bualadh an bhuille ba throime ar na naíscoileanna Gaeilge, níor dearnadh aisiompú ar an pholasaí seo ach tar éis feachtas náisiúnta agus idirnáisiunta ina éadan. An bunsprioc a bhí ag an ‘dípholaitiú’ ná íomhá sheicteach a bhrú ar ghluaiseacht na Gaeilge chun iad a lochtú as polasaithe leatroime stáit ina n-éadan de dheasca a gcuid nascanna leis an náisiúnachas agus poblachtánachas.

Gluais chun tosaigh go dtí an tréimhse iar-phróiseas síochana agus gheall Comhaontú Aoine an Chéasta comhionannas a thógáil tríd ‘eascú agus spreagadh’ a dhéanamh ar an Ghaeilge. Mar sin féin, ainneoin an dul chun cinn atá déanta, fulaingíonn Gaeilgeoirí de bharr leatrom bunúsach go fóill, fíric a chinntíonn stádas s’acu mar shaoránaigh den dára grád in achan léiriú. In éagmais aon chosaint dleathach, is éisceacht iad Gaeil na Sé Chontae i measc cainteoirí teangacha mhionlaithe na n-oileán seo. Dar leis an saineolaí teanga, Fernard de Varennes, síolraíonn an ceart chun do theanga dhúchais a fhoghlaim agus a úsáid ó, ‘a fundamental right and is not some special concession or privileged treatment. Simply put, it is the right to be treated equally without discrimination, to which everyone is entitled.’ Ó 2006 i leith, tá OTÉ agus roinn an chultúir s’acu, DCAL, ag baint leas as cárta trumpa an ‘dípholaitithe’ chun cosc a chur ar an argóint chearta daonna doshéanta d’Acht na Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann.

I ndoiciméad chomharliúcháin a d’fhoilsigh DCAL ar Acht na Gaeilge in 2007, dúirt siad go hoscailte go raibh an Ghaeilge ‘controversial’ mar gheall go raibh ‘genuine fears and concerns’ ag Aontachtóirí de thairbhe ‘the erosion of their British identity’. Léiriú a bhí ann ar dhearcadh coilíneach na Breataine a thacaíonn le tuairimí leatroma fríd cur síos orthu mar ‘genuine fears’ ar bhealach a chosnaíonn séanadh ar chearta phobal na Gaeilge. Lena chois sin, thug an tuairim seo, chomh maith le polasaí an ‘dípholaitithe’, crediúint don bharúil miotasach, aonteangach go gcuireann éileamh ar cheartaí don mhionlach isteach ar bhealach éigin ar cheartaí an mhóraimh. Is é an fhírinne, ar ndóigh, nárbh é an t-éileamh ar cheartaí a dhéanann ceist ‘conspóideach’ nó ‘polaitiúil’ do theangacha mhionlaithe ach an séanadh leanúnach ar na ceartaí seo ag rialtais agus stáit ar nós Stát na Breataine in Éirinn.

Feinimeán domhanda atá sa phróiseas seo. Tá ordlathas do theangacha chumachtacha curtha i mbun ag an choilíneachas agus an domhandú a bhuanaíonn na caidrimh chumhachta éagothroma ar an domhan sa lá atá inniú ann. Mar sin, is éard is cuspóir do ‘Impiriúlachas teangeolaíochta an Bhéarla’ nó ‘Linguicide’ mar a thugtar air, ná éagothroime shóisialta, eacnamúil, pholaitiúil agus chultúrtha idir teanga an Bhéarla agus teangacha mhionlaithe agus a gcuid cainteoirí a neartú. Tionscnamh polaitiúil neamhthrócaireach atá ann a thiomnaíonn meath teanga ar fud na cruinne. Deir na saineolaithe go gcaillfear 90% do theangacha an domhain, nó níos beaichte arís, 5,400 as 6,000 teanga, i rith an chéid seo. An tréith chomónta atá ag na teangacha seo ná an teagmháil atá acu le mórtheanga a bhain ceannas amach mar gheall ar an cumhacht pholaitiúil, chultúrtha agus shoch-eacnamaíochta uachtarach atá acu. Is streachailt pholaitiúl í an tróid in éadan an fhorlámhais chultúrtha Angla-Mheiriceánaigh seo agus níl a mhalairt de thuaraim bunaithe sa réadúlacht. Ar a bharr sin, baineann ‘impiriúlaithe teangeolaíochta’ feidhm as ‘cultúrachas’ dípholaitithe, inár feidir le ‘cách sult cothrom a bhaint ón ‘cúpla focal’’, chun caidrimh éagothroma cumhachta a choinneáil faoi cheilt, agus teorannacha a chur ar athbheochan teangacha mionlaithe agus aon fhorbairtí ata i ndán daofa.

Ní bhainfear comhionannas amach do Ghaeilgeoirí sa chaoi chéanna nach n-éireoidh le hathbheochan na Gaeilge gan feachtasaíocht pholaitiúil shonrach a eagraíonn pobail na tíre seo i dtreo athrú suntasach. Ní hé seo le háiteamh gur chóir go mbeidh an Ghaeilge fán chrann smola ag an pholaitíocht pháirtí. Más soiléir aon rud; is é sin gur ghá do phobal na Gaeilge neamhspleáchas agus radacachas s’againn a chosaint agus clár oibre s’againn féin a leagan amach, bunaithe ar mhianta s’againn féin. Níl sa bheart poiblíochta ‘dípholaitíthe’ is déanaí ag DCAL, mar atá ‘Líofa 2015’, nach bhfaca aon achmhainní substantiúla ag dul i dtreo na Gaeilge (ó Roinn le dualgas reachtúil chun amhlaidh a dhéanamh), ach sampla eile den Tuaisceart Éireann Nua ag iarraidh ‘seilbh’ a ghlacadh ar an Ghaeilge ar bhealach scoilteach a bhrúnn tearmaí tagartha s’aici féin ar an dóigh a chuireann muid an Ghaeilge chun cinn. Níl sa tógra seo ach bogadh siombalach sa chluiche cumhachta a fheiceann stáit chumhachtacha ag spalpadh an mhiotais go bhfuil siad ‘liobrálach’ agus cothrom i dtreo theangacha mionlaithe. Is léir gur é an diúltú leanúnach do chiomhionannas i dtaobh chultúir agus theangacha mionlaithe a chinnteofar go leanfaidh siad ag imirt ról lárnach i gcoimhlintí polaitiúla fud fad na cruinne. Níl amhras ar bith gur amhlaidh an scéal leis an Ghaeilge agus go nglacfaidh sé tionscnaimh athbheochana náisiúnta le substáint atá eagraithe ón bhun aníos chun todhchaí s’aicí a chinntiú. Tionscnaimh a aithníonn, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain gur í ‘Athghhabháil na Gaeilge, Athghabháil na hÉireann agus gurb í Athghabháil na hÉireann, slánú na Gaeilge.’

 

Leagan sophriontála.

Campaigns

Smash the NAMA Republic!
For a democratic economy. Click for more details>>


Different Name, Same Aim
Confronting British policing in Ireland. Click for more details>>


The 1% Network
Demanding an end to wealth inequality. Click for more details>>


Campaign for British withdrawal
Building popular resistance to British rule. Click for more details>>


We Only Want the Earth!
Ireland's natural resources for the people of Ireland. Click for more details>>


No British Royal Visits!
Opposing royal vists before British withdrawal. Click for more details>>


Imperialists Out!
Challenging Irish complicity in Imperialism. Click for more details>>


An Ghaeilge
Supporting the revival of the national language. Click for more details>>


Workers in Struggle
Following the workers' fightback. Click for more details>>


International Solidarity
In support of global freedom and justice. Click for more details>>


Reclaim The Republic
Promoting the politics of 1916. Click for more details>>


More campaigns

éirígí shop

éirígí online shop

Donate to éirígí
If you would like to support éirígí you can find out more by clicking here

Donate to éirígí

Email Us
If you would like to be informed of website updates and current campaigns let us know by clicking here

Join éirígí
If you are interested in joining éirígí or have any questions about membership e-mail eirigimembership@gmail.com or phone 00353 (0) 86 236 7298

Contact Us

“If you strike at, imprison, or kill us, out of our prisons or graves we will still evoke a spirit that will thwart you, and perhaps, raise a force that will destroy you! We defy you! Do your worst!”

Archives