Latest News & Updates |
|
Cearta Teanga – Cearta Daonna
10/06/07

Mháirseáil slua mór ar lár cathrach Bhéal Feirste tráthnóna inniu (Dé
Sathairn) chun comhionannas do Ghaeilgeoirí sna Sé Chondae forghafa a
éileamh.
Ta gníomhaithe ag dul i mbun feachtasaíochta leis na míonna anuas le
haghaidh chur i bhfeidhm Acht Gaeilge chun cearta lucht labhartha na teanga
náisiúnta sa limistéar forghafa a chosaint.
Sheol Rialtas na Breataine dara tréimhse chomhairliúcháin ar cheist an
Achta, d’ainneoin go raibh an chéad cheann beagnach d’aonghuth ina
thacaíocht dá fheidhmniú a mhaíomh.
Fuair an dara próiseas comhairliúcháin breis agus 4,000 aighneacht, agus
creidtear go bhfuil an formhór arís ar son comhionannais do Ghaeilgeoirí.
Bhí grúpa mór le feiceáil ó Chumann Lúthchleas Gael agus ó ghaelscoileanna
áitiúla, a léirigh go cruinn an óigeantacht agus fuinneamh atá ag
gluaiseacht na teanga faoi láthair.
Dúirt urlabhraí éirígí Daithí Mac An Mháistir:
“Is cuid lárnach d’athghábhail na hÉireann í go mbeidh an Ghaeilge arís mar
ghnáththeanga thromlach na ndaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.
“Is féidir le gníomhnaíochtaí cosúil leis an lá inniu agus iarrachtaí na
bpobal an teanga dhúchais a athaimsiú cuidiú le cur i ngníomh an phróisis
sin.”






|

|
Donate
to éirígí
If you would like to support éirígí you can
download a standing order form here |
| Donate to éirígí |

|
Email
Us
If you would like to be informed of website updates and current
campaigns let us know by clicking here |
|
|

Download
Download Adobe Reader here to view archived documents.
|
Join éirígí
If you are interested in joining éirígí or have any questions about
membership e-mail membership@eirigi.org or phone 086 236 7298 |
| Contact Us |
|
“If
you strike at, imprison, or kill us, out of our prisons or graves we
will still evoke a spirit that will thwart you, and perhaps, raise a
force that will destroy you! We defy you! Do your worst!”
|
| Archives |
Copyright© éirígí 2006, All rights reserved