Latest News & Updates

Caithfear stop a chur le mídhaonnacht Iosrael

05/06/10

“Lá dorcha don chine daonna”. B’shin iad focail Aire Gnóthaí Eachtracha na Tuirce Ahmet Davutoglu agus é ag tabhairt aitheasc ag an chruinniú éigeandála tionólta ar an Luan (31ú Bealtaine) ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndiaidh dúnmharaithe brúidiúil Iosrael ar ghníomhaígh síocháná agus ar oibrithe cabhracha daonnúla ag tógaint cabhair chuig muintir Gaza atá curtha faoi léigear.

Tá muid go léir eolach anois faoin phíosa scannáin scanrúil atá feicthe thar timpeall an domhain de ruathar stíl chománlach Iosrael ar long ag iompar cabhair dhaonnúil agus an sléacht fuilteach a scaoil siad ar na paisinéirí, fir, mná, páistí agus daoine aosta san áireamh ag marú deichniúir ar a laghad agus ag gortú níos mó. An cur síos is fearr gur féidir a dhéanamh ar a ngníomhuithe in uiscí idirnáisiúnta ná píoráideacht. Ní raibh ach rud amháin ar intinn acu – chun leanúint ar aghaidh leis an smacht olc agus mídhaonnachtúil atá acu ar Gaza.

Tá mórán agóide – ní mórán ó na Stáit Aontaithe nó na Náisiúin Aontaithe áfach – mar gheall ar an ghníomh brúidiúil seo, nuair a sheol siad ó héileacaptair anuas ar dheic an shoithigh Turcach Mari Marmara agus thosaigh siad ag scaoileadh gunnaí tazer, deorghás, piléir phlaisteacha agus babhtaí beo gan idirdhealú a dhéanamh ar na hoibrithe cabhrach neamhúrchóideacha, le bás agus gortú mar thoradh ar an bhád seo agus ar bhád eile an Spendoni. Is ráiméis amach is amach é go bhfuil Iosrael díreach ag cosaint iad féin. Níl leithscéal ar bith ach an oiread ar ghabháil agus ar choinneáil oibrithe cabhracha ina dhiaidh sin nó ar a gceistiúcháin.

Tá an agóid chomh glórach agus chomh forleathan sin toisc go raibh an t-ionsaí ó Iosrael ar oibrithe cabhracha as tíortha eile. Ní bheidh ionadh ar bith faoi ionsaithe Dé Luain ar éinne eile atá eolach faoina cruatain leanúnacha atá á riarú ar mhuintir na Palaistíne. Is tarlú laethúil é seo ar a bhfuil an iomarca taithí ag muintir Gaza agus an Bhruach Thiar, ach is annamh a bhíonn an tarlú seo sna cinnlínte idirnáisiúnta. Scaoil agus mharaigh Iosrael, ach lá amháin i ndiaidh an ionsaí ar an chabhlachán, beirt cóngarach do theorainn Gaza agus scaoil siad splancacha isteach sa cheantar. Tugadh fíor bheagán tuairisceoireacht, más rud é go raibh aon tuairisceoireacht, ar na gníomhuithe seo ag an chuid is mó de na meáin. Tá sé soiléir nach bhfuil saolta Palaistíneacha tábhachtach! Fiú i rith ionsaí míleata Iosrael 2008/2009 ar mhuintir Gaza, thóg sé an iomarca ama sula tháinig daorbhreith ar bith. Caithfear deireadh a chur le seo agus leis an ghnáthchiúnas sna meáin agus óna rialtais thar timpeall an domhain ar mhídhaonnacht brúidiúil Iosrael.

Cé go bhfuil ár náisiúnaigh féin bainteach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil gníomhuithe an impiriúlaigh níos brúidiúla, níos uafásaí nó níos éagóra. Caithfidh an t-idirnáisiúnaí atá ionainn go léir féachaint ar mhuintir na Palaistíne mar ár muintir féin agus caithfimid ár dtacaíocht a thabhairt dóibh, díreach mar a rinne na fir agus mná cróga ar an Free Gaza Freedom Flotilla agus fós a thabhairt fad is atá an soitheach Éireannach Rachel Corrie ag taisteal. Ba chóir moladh, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do ghníomhuithe diongbháilte iad siúd sa chabhlachán, ar nós Fiachra O’Luain as Dún na nGall agus níos mó. Ní chóir go mhothódh aon duine nach bhfuil siad ábalta aon rud a dhéanamh mar tá an-chuid gur féidir linn a dhéanamh. Tríd baghcatáil a dhéanamh agus gan earraí Iosraelacha a cheannach nó siopadóireacht a dhéanamh i siopaí a thacaíonn le hIosrael, ar nós Marks and Spencers, is féidir linn teachtaireacht shoiléir a chuir chucu. Is féidir leat páirt a ghlacadh in agóideanna nó bí le grúpaí a thacaíonn leis an Phalaistín i do cheantar.

Ba cheart do chomhlachtaí trádála diúltú le hIosrael agus diúltú earraí Iosraelacha a stocáil.

Déan stocaireacht ar d’ionadaithe poiblí áitiúla chun beart a dhéanamh agus Iosrael a cháineadh agus a ngníomhuithe in aon bhealach gur féidir leo, ar nós an rúin a chur comhairleor neamhspléach Thomas Pringle os comhair Comhairle Contae Dhún na nGall ar lá na n-ionsaithe ar an chabhlachán a dúirt “Cáineann Comhairle Contae Dhún na nGall gníomhuithe chabhlach Iosrael in ionsaí a dhéanamh ar an chabhlachán ag tabhairt cabhair dhaonnúil chuig Gaza agus glaoigheann sé ar rialtas Bhaile Átha Cliath ambasadóir Iosrael a chaitheamh amach mar agóid.” D’éirigh leis an rún seo d’aon ghuth agus ba chóir do gach comhairle ar an oileán an rud céanna a dhéanamh.

Tá ról ríthábhachtach dá gcuid féin ag rialtas Bhaile Átha Cliath. Ar a laghad ar bith ba chóir dóibh ambasadóir Iosrael agus a fhoireann a chaitheamh amach. Dhéanfadh sé difríocht mhór aon chomhaontuithe trádála le hIosrael a ghearradh agus rialtais eile a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh. Ba chóir dóibh éilimh go gcuirtear deireadh le hidirbheart trádála an AE le hIosrael agus glaoigh ar dhíbirt láithreach Iosrael ón OECD.

‘Sé an bunlíne ná gur cheist dhaonnúil é seo agus is iad na daoine Palaistíneacha na híospartaigh. Bhí dúnmharuithe brúidiúlacha Iosrael Dé Luain ar oibrithe cabhracha neamhúrchóideacha uafásach agus gan leithscéal. “Lá dorcha don chine daonna” a bhí ann cinnte. Ach ní raibh sé níos dorcha ná lá ar bith eile a fhulaingíonn na Palaistínigh faoi réimeas cinedheighilte Iosrael agus caithfimid cuimhneamh ar seo.

Dúirt duine de na céad oibrithe cabhracha a scaoil na hIosraelaigh saor i ndiaidh ruathar ar an chabhlachán agus an gabháil a tharla tar éis go bhfuil eagla ar Stát Iosrael “roimh dhaonnacht”. Má tá eagla orthu roimh an airm seo, seo an t-arm a úsáideann muid. Faoi dheireadh bhí gníomhuithe Iosrael ann chun daoine a dhíspreagadh ó dhaonnacht a thaispeáint do dhaoine imshuite Gaza. Ní oibreoidh sé seo. Caithfidh ár dtacaíocht leanúint ar aghaidh agus méadú. Caithfidh deireadh teacht le forghabháil Iosrael agus léigear Gaza láithreach. Ní féidir le gníomhuithe Iosrael tarlú gan phíosós. Tá sé in am dúinn gníomhú!

 

Print-friendly version

Campaigns

Different Name, Same Aim
Confronting British policing in Ireland. Click for more details>>


Campaign for British withdrawal
Building popular resistance to British rule. Click for more details>>


We Only Want the Earth!
Ireland's natural resources for the people of Ireland. Click for more details>>


No British Royal Visits!
Opposing royal vists before British withdrawal. Click for more details>>


Imperialists Out!
Challenging Irish complicity in Imperialism. Click for more details>>


Workers in Struggle
Following the workers' fightback. Click for more details>>


International Solidarity
In support of global freedom and justice. Click for more details>>


Spot the Difference?
Giving the lie to the notion of choice in Ireland's elections. Click for more details>>


Britain's Day of Shame
éirígí opposes Britain's 'Armed Forces Day'. Click for more details>>


Reclaim The Republic
Promoting the politics of 1916. Click for more details>>


More campaigns

Donate to éirígí
If you would like to support éirígí you can download a standing order form here

Donate to éirígí

Email Us
If you would like to be informed of website updates and current campaigns let us know by clicking here


Download
Download Adobe Reader here to view archived documents.

Join éirígí
If you are interested in joining éirígí or have any questions about membership e-mail eirigimembership@gmail.com or phone 00353 (0) 86 236 7298

Contact Us

“If you strike at, imprison, or kill us, out of our prisons or graves we will still evoke a spirit that will thwart you, and perhaps, raise a force that will destroy you! We defy you! Do your worst!”

Archives