03/12/09 “Más mian linn an tír a athaontú creidim gur chóir dúinn dul isteach arís sa Chomhlathas Briotanach chun é sin a bhaint amach.”
Tá sé scanrúil go dtacódh aon saoránach de stát atá in ainm is a bheith ardcheannasach go poiblí le hathiontráil isteach sna struchtúirí impireachta a rinne an méad sin damáiste dá dtír san am atá thart. Is iontas mór amach is amach é go ndéanfadh aire rialtais agus ball sinsearach de phairtí Poblachtánach mar a deirtear rud éigin mar sin. Tá sé mar dhualgas ag Éamon Ó Cuív mar aire rialtais i ‘bPoblacht na hÉireann’ an status quo bunreachtúil inar toghadh é a chosaint agus seasamh leis. Ach, seo é, mar bhall de pháirtí Poblachtánach mar a fhógraíonn siad, ag rá go gcreideann sé gur chóir d’Éirinn san iomlán athiontráil a dhéanamh ar eagras stát lena bhfuil monarc neamhthofa mar cheannaire chun cuma aontais náisiúnta a bhaint amach. Tá tuairim ag Ó Cuív ar an gceist seo; in 1994, mhol garmhac Éamon de Valera go ndéanfaí na Sé Chontae Fichead athnaisc leis an gComhlathas Briotánach mar bhac ar aontachtachas. Bheadh sé doshamhlaithe d’aire rialtais seirbhíseach in aon áit eile ar domhan argóint gur chóir don stát ina bhfuil sé ag seirbheáil a bheith géiliúil do cheann eile. Áfach, níl rud ar bith le rá ag an rialtas 26 Contae, páirtí Fhianna Fáil, ná ag na meáin faoi ráiteas gáifeach Uí Chuív. Le haghaidh poblachtánaigh sóisialacha, tá foinsí de leithéid ráiteis soiléir. Bhí Comhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rímhinn agus an próiséas síothaithe a tháinig orthu, faoi normálú a dhéanamh ar bhaint an rialtais Bhriotanaigh in Éirinn. Bhí tréigean Altanna 2 & 3 ó bhunreacht na 26 Contae, ainneoin a luach reitriciúil amháin, faoin normálú seo a réiteach dóibh. Le blianta fada, tá daoine cantalacha, frithghníomhaithe dígeanna agus roinnt aontachtaithe den chineál bunaíochta deisceartach, ag moladh bearta cosúil le hathiontráil na 26 Contae isteach sa Chomhlathas Briotanach. Thug 20 bliain de normalú fhorghabháil na Breataine cuma mheasúil do na moltaí frith-daonlathacha seo agus ligeann sé d’airí rialtais Bhaile Átha Cliath iad a chur chun cinn gan a bheith eaglach faoi fhritonn ar bith. In agallamh in 1999, thaispeáin feachtasóir ársa poblachtánach sóisialach, Bernadette McAliskey é seo maidir leis na bunaíochtaí polaitiúla, ó thuaidh agus ó theas: “Ní bheadh ionadh orm dá aththachtaigh muid Acht an Aontais i gceann roinnt blianta agus feiceann muid an deisceart ag dul ar ais isteach sa Chomhlathas Briotánach, agus beidh siad go léir ina n-airí faoin gcoróin.”
San am ina bhfuil Poblachtánaigh Éireannacha cúisithe go seasta toisc nach bhfuil malairt acu ar an status quo, tá sé do-chreidte polaiteoir sinsireach a chloisteáil ag moladh go réiteodh iarratas ceansa i slí éigin athiontráil a dhéanamh ar ‘clann náisiúin’ na Breataine fadhb ársa de chur faoi chois an stáit Bhriotánach agus bearta scar is trescair. Go réalaíoch, is coiscéim siar é beart den saghas seo do dhaonlathas agus dul chun cinn in Éirinn. Cinnte, níl Éamon Ó Cuív ina aonar ag caitheamh i ndiaidh feisteis impireachta duine éigin eile atá imithe le fada. Ar an Déardaoin (Samhain 26), rinne ambasadóir na Breataine i mBaile Átha Cliath, Julian King, ‘Ceannfort ar impireacht na Breataine’ (CBE) de iar-ghobhornóir Bhanc na hÉireann, Laurence Crowley. Dúirt Crowley go raibh sé ‘bródúil’ mar “seasann sé do gach rud atá go maith faoin gcaidreamh Thuaidh-Theas agus na dlúth-nascanna idir an RA agus Éire.” An fíor rud a sheasann Crowley do ná ábaltacht i measc bunaíochta pholaitiúil, eacnamaíochta agus chultúrtha an stáit 26 Contae gan an bád a luascadh nó gan labhairt amach i gcoinne críochdheighilte, forghabháil mhíleata agus cur i bhfeidhm stáit apartheid ag rialtas na Breataine sa Tuaisceart. Cabhraíonn leasaí aicme cómónta an stáit 26 contae agus bunaíochtaí Briotánacha le difríochtaí beaga a mbeadh acu a réiteach agus ligeaint do choincheapa ar nós dul isteach sa chomhlathas a bhunú. Bheadh Laurence Crowley, mar shampla, áthasach le cinneadh na seachtaine seo ag Ard-Chúirt na Breataine ag ligeaint do bhancanna leanúint ar aghaidh ag amhantraigh agus ag brabúsaíocht, ag dushaothrú gnáth chustaiméirí, chun a socruithe fabhracha a fhóirdheonú dá gcliaint gnó saibhre. Ag am ina raibh grúpa frithghníomhaithe Éireannacha eile ag iarraidh leasaí Briotánacha in Éirinn a chosaint, thug poblachtánach sóisialach Liam Mellows faoi deara gur sheas Poblacht na hÉireann do leasaí saothar agus an lucht oibre, fad is a sheasann an saorstát ar son chaipitil agus dúshaothrú. Tá taobh roghnaithe acu siúd a bhíonn ag brionglóid faoin ‘gComhlathas’ agus faoi dhuaiseanna agus cuairteanna ríoga, caithfidh an chuid eile dúinn argóint ar son na Poblachta.
|
Campaigns
|
| More campaigns |
Donate
to éirígí |
|
| Donate to éirígí | |
Email
Us |
|
|
|
Join éirígí |
| Contact Us |
|
|
| Archives |
Copyright © éirígí, All rights reserved