01/02/08 Rugadh an Dochtúir George Habash (nó al-Hakim – ‘a Chríochnaigh sé a chuid staidéir i mBéiriút na Liobáine agus chuidigh sé le teifigh Phalaistíneacha eile sna campaí sa Iordáin. Cuireadh faoi ghlas é i ndiaidh léirsithe agus i 1952 bhunaigh sé Gluaiseacht Náisiúnach na nArabach (ANM). D’oscail sé clinic agus scoil in Amman ach bhí air dul ar an teifeadh chun na Siria nuair a ciontaíodh é gan e bheith ann as iarracht coup d’etat a dhéanamh in éadan Rí na hIordáine i 1957. Tháinig sé ar ais go Beiriút i 1961 agus thosaigh sé ag atheagrú an ANM agus ag tabhairt bhaill Phalaistíneacha na heagraíochta le chéile. I ndiaidh Chogadh na Sé Lá i 1967 rinne sé obair chun eagraíochtaí éagsúla a thabhairt le chéile agus bhí sé ar lucht bunaithe an Fhronta Pobail um Fhuascailt na Palaistíne (PFLP) ní ba mhoille sa bhliain sin. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar an eagraíocht nua go dtí 2000. Bhí an náisiúnachas Arabach agus an sóisialachas mar phrionsabail threoracha an PFLP. Sheas siad in éadan géilleadh ar bith a dhéanamh do stát Iosraeil, óir ní raibh an stát sin sásta an comhar a íoc, agus bhí siad den bharúil go raibh stáit choiméadacha Arabacha ina naimhde do mhuintir na Palaistíne agus a streachailt um saoirse náisiúnta. I 1970 d’fhuadaigh an PFLP ceithre eitleán sa Iordáin ar a mbealach go Meiriceá Thuaidh. Mar gheall ar an dúshlán seo rinne Rí Hussein na hIordáine iarracht na grúpaí Palaistíneacha sa tír a chur faoi chois, rud a chothaigh aighneas idir an PFLP agus grúpaí eile in Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO). I 1974 bhí an PFLP ar na grúpaí a d’fhág an PLO nuair a tugadh isteach ‘réiteach an dá stáit’ don chéad uair. Níor mhair seo afách agus i 1977 chuaigh siad isteach sa PLO arís nuair a bhí grúpaí Palaistíneacha ag teacht le chéile le cur in éadan an fhill a rinne Anwar Sadat, Uachtarán na hÉigipte, ar an Domhan Arabach ina iomláine. I ndiaidh Chomhaontuithe Camp David d’oibrigh Habash go dian chun aontacht na frithbheartaíochta a chinntiú, ach bhí stróc aige i 1980. D’ainneon a dhrochshláinte lean Habash ar aghaidh ag obair. D’iarr sé ar aontacht na bPalaistíneach nuair a thosaigh an Chéad Intifada i 1987 ach d’fhág an PFLP an PLO arís i 1993 mar gheall ar Chomhaontuithe Síochána Osló agus chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le grúpaí lasmuigh den PLO ar nós Hamas agus Islamic Jihad. Bhí sé go fóill ina ghníomhaíoch don PFLP nuair a fuair sé bás go tobann Dé Sathairn (26 Eanáir) de thaom croí. Bhí H “Le mairtíreacht an bhunaitheora, tá íocón agus comhartha ar a bhfrithbheartaíocht caillte ag an phobal Palaistíneach agus ag an náisiún Arabach, fear a bhí tiomanta trí thrí scór agus deich mbliain de streachailt in éadan namhaid an phobail Phalaistínigh agus Arabaigh, a thug aghaidh ar fhórsaí an ansmachta, an mhórcheannais agus na héagóra. “Tá taoiseach mór tite, ach níl a smaointe, a phrionsabail ná a fhís, nó chloígh se lena phrionsabail le tiomantas fírinneach cróga ag troid in éadan an impiriúlachais agus na bhfórsaí díomuacha. D’ainneon gach coinníoll agus cúinse, bhí Al-Hakim i gcónaí tiomanta do fhuascailt na Palaistíne, ina hiomláine, ón abhann go dtí an mhuir. Tá duine de na daoine tiomonta uaisle is mó caillte ag an Phalaistín inniu. Glóire do Al-Hakim! “Geallaimid dár bpobal agus dár dtaoiseach mór agus comhartha ár streachailte go leanfaimid ag máirseáil agus ag streachailt ar a bhóthar agus lena mhodh, le misneach agus toil pobail shaoir, go dtí saoirse iomlán talamh náisiúnta na Palaistíne go léir.” |
Donate
to éirígí |
|
| Donate to éirígí | |
Email
Us |
|
|
|
Join éirígí |
| Contact Us |
|
|
| Archives |
Copyright © éirígí, All rights reserved