Cad é éirigí?
Is grúpa feachtais poblachtach agus sóisialach é éirigí, atá bunaithe i
mBaile Átha Cliath.
Cad is brí le héirigí?
Is focal Gaeilge é éirigí. Ciallaíonn sé ‘Rise up’ nó ‘Arise’ i mBéarla.
Poblachtach agus sóisialach?
Creidimid, in éirigí, go b’é an córas caipitleach agus impiriúlach is
cúis go bunúsach le bochtaineacht, idirdhealú agus coimhlint. Ní
cheadóidh an córas seo do mhórchuid an chine daonna a bpoitéinseal a
shroisint, bunaithe mar atá sé ar thromaíocht an mhionlaigh ar an
mhórchuid. Tá orainn an córas seo a bhriseadh agus a athrú, le córas atá
bunaithe ar chomhoibriú agus cóir shóisialta, agus ansin, is féidir
saoirse ceart na ndaoine a fháil, córas cosúil le Poblacht Sóisialach
Daonlathach.
Inár dtír féin, go háirithe, is sampla soiléar den impiriúlachas é
seilbh Shasana ar chuid d’ár gcríocha náisiúnta. Sílimid in éirigí, go
bhfuil deireadh na seilbhe seo thar a bheith tábhachtach chun Poblacht
Sóisialach Éireannach a chruthú.
Feachtais?
Ceapaimid féin, in éirigí, nach bhfuil polaitíocht parlaiminteach amháin
ábalta an athrú, agus an méid atá de dhíth in Éirinn a dhéanamh. Tá a
fhios againn, ón stair, nach bhfuilimid in ann an claochlú ó chóras
caipitleach go dtí córas sóisialach a dhéanamh gan neart agus tacaíocht
gníomhach lúfar na ngnáthdaoine. Is féidir le feachtais an pobal a
chumasú, a pholaitiú agus a dhéanamh gníomhach, agus is iad an pobal
amháin a thabharfaidh an t-athrú chun críche. Trí feachtais polaitiúla,
sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha a eagrú, beidh éirigí ag cur
leis an dinimic sin.
An Oibríonn éirigí le grúpaí eile?
Creidimid, in éirigí, nach bhfuilimid in ann Poblacht Sóisialach
Daonlathach a chruthú agus a chothú gan gluaiseachtaí forásacha
sóisialta a bheith ag obair le chéile, ina mbeidh pobail áitiúla, lucht
oibre, eagrais chultúrtha, grúpaí feachtais, páirtithe polaitiúla, srl.
Ceapaimid go mbeidh láidreacht agus cumhacht ag teacht ó ilghnéitheacht
na ndreamanna seo ar fad. Beidh muid, in éirigí, ag glacadh páirt san
obair chomhcheangailte seo, le daoine agus grúpaí forásacha in Éirinn.
Ni bheidh an comhoibriú agus an cabhair idir fórsaí forásacha teoranta
do oileán na hÉireann amháin. Is troid domanda é an troid in aghaidh
caipitleachas agus impiriúlachas. Léiríonn an fás ar ghluaiseacht
chearta domanda an fórsa atá ag méadú in aghaidh ansmacht agus
dúshaothrú domhanda. Creidimid, in éirigí, go dtiocfaidh réimeas nua
forásach le comhoibriú idirnáisiúnta agus dlúthpháirtíocht ón
ngluaiseacht seo. Ba mhaith linn, in éirigí, páirt gníomhach a ghlacadh
sa ngluaiseacht seo.
Cén fath anois?
Tá sé naocha bliain ó Sheachtain na Cásca 1916 i mbliana, agus tá a
fhios ag éirigí go bhfuil fís na mban agus na bhfear a ghlac páirt san
ócáid stairiúil sin fós le fíorú againn. Nócha bliain ina dhiaidh, tá
Éire fós deighilte, le dhá státchóras ina bhfuil éagothroime, saint agus
dúshaothrú i réim, in ionad a bheith ag tabhairt cothrom na Féinne do
chlainne uile an náisiúin.
Ag admháil go bhfuil cúrsaí mar atá, agus le dóchas go bhfuil poblacht
shóisialach daonlathach riachtanach agus insroiste, tá focail Fintan
Lalor mar theoir againn “Somewhere and somehow, and by somebody, a
beginning must be made”. Tá an tús seo déanta anois.
Conas a fhaightear eolas breise?
Tá an láithreán seo á fhorbairt faoi láthair. Ach beidh níos mó eolais
anseo go rialta. Má tá spéis agat tacaíocht a thabhairt do éirigí, nó
más maith leat eolas breise, seol ríomhpost chuig info@eirigi.org
Copyright© éirígí 2006, All rights reserved