Rúin
An Teanga
Rún 1
Creideann an Ard Fheis seo
- gur iarracht bheartaithe é teip fheidhmeannas Stormont reachtú mar is ceart d'Acht na Gaeilge bonn a bhaint de chearta Ghaeilgeoirí and iarracht a dhéanamh fás na teanga sna Sé Chontae a mhúchadh.
- go mbeidh iarmhairtí diúltacha fad-téarmacha i ndán do chur chun cinn agus fás féideartha na Gaeilge agus go mbeidh inmharthanach phobail na Gaeilge sa todhchaí i mbaol i ngeall ar pholasaithe reatha atá á gcur i bhfeidhm ag rialtas Bhaile Átha Cliath.
Ginmhilleadh
Rún 2
Glacann an Ard Fheis seo leis na fáthanna a bhaineann le moill an phlé maidir le ceist an ghinmhillte a fuair údarás ón Ard Fheis agus fáiltíonn an Ard Fheis seo roimh nuafhoilsiúchán de cháipéisíocht inmheánach pháirtí mar réamhdhréacht do phlé forleathan agus díospóireacht laistigh den pháirtí ar an gceist seo.
Forbairt Beartais
Rún 3
Tiomnaíonn an Ard Fheis seo éirígí do phróiseas ceapadh beartais leanúnach agus tugann sí údarás don Chiorcal Náisiúnta maoirsiú a dhéanamh ar an bhfactóir tábhachtach seo i bhforbairt iomlán an pháirtí mar chúis phráinne.
Eagrúchán
Rún 4
Tugann an Ard Fheis seo tacaíocht don leasú molta ar chuid 4.4 de Bhunreacht éirígí chun a rá:
Through the contesting of elections where the contesting of such elections is deemed to advance éirígí's objectives. Decisions relating to the contesting of elections and participation in institutions to which members are elected shall be made by the membership at Ard Fheis or Ciorcal Aitiúil.
Rún 5
- Tacaíonn an Ard Fheis seo le hiarrachtaí atá déanta ag an gCiorcal Náisiúnta chun ceanncheathrú náisiúnta éirígí a aimsiú
- Tiomnaíonn an Ard Fheis seo na baill agus ionaid pháirtí go léir do thacaíocht ghníomhach a thabhairt do na hiarrachtaí seo.
Rún 6
Tiomnaíonn an Ard Fheis seo An Ciorcal Náisiúnta do, ar a laghad, ceithre mhórimeacht náisiúnta inmheánach a eagrú go bliantiúil
Rún 7
Aithníonn an Ard Fheis seo an tábhacht a bhaineann le heolas ar pholaitíocht shóisialach phoblachtánach a scaipeadh i measc an phobail agus mar chuid den phróiseas seo, thar an chéad bhliain eile, molann sí:
- an páipéar seasaimh ‘Ón Sóisialachas Amháin a Thiocfas Slánú na hÉireann’ a athfhoilsiú agus é a dháileadh go forleathan ag imeachtaí an pháirtí go háitiúil, go réigiúnda agus go náisiúnta;
- tosú ar phaimfléid a fhoilsiú go rialta a chuimsíonn eachtraí agus ceisteanna stairiúla chomh maith le feachtais agus ceisteanna comhaimseartha polaitiúla, socheacnamaíochta agus cultúrtha;
- spreagann an Ard Fheis seo an páirtí ag leibhéil áitiúla agus réigiúnda cruinnithe fógraithe go poiblí a reachtáil go rialta.
Forghabháil na Breataine
Rún 8
- Molann an Ard Fheis seo iad siúd go léir a thug tacaíocht d'fheachtas éirígí ar chulú na Breataine le dá mhí déag anuas. Ba chóir ardmholadh a thabhairt dá ndaingne in aghaidh dianchiaptha fhorsaí na Sé Chontae agus na Sé Chontae Fichead.
- Tugann an Ard Fheis seo mar ábhar imní suntas d'úsáid leanúnach dianreachtaíocht sna Sé Chontae agus sna Sé Chontae is Fichead agus, cáineann sí ach go háirithe an díriú isteach atá spreagtha go polaitiúil go soiléir ar ár mbaill agus ar ár dtacadóirí.
Rún 9
- Cáineann an Ard Fheis seo rialtas Bhaile Átha Cliath i ngeall ar a dtaispeáint sclábhánta lodarach le linn chuairt Éilís Windsor chuig na Sé Chontae Fichead.
- Tugann an Ard Fheis seo ómós do na céadta saoránach a bhí le héirígí chun cur in aghaidh chuairt stáit Éilís Windsor chuig na Sé Chontae Fichead.
Rún 10
- Tugann an Ard Fheis seo mar ábhar imní suntas d'úsáid philéar plaisteacha ag péas na Breataine sna Sé Chontae forgafa.
- Diúltaíonn an Ard Fheis seo don éileamh gur uirlísí troda dlisteanacha 'neamhmharfacha' iad piléir phlaisteacha.
- Athluann an Ard Fheis seo an glaoch do chosc láithreach a chur ar philéir phlaisteacha ar fud na hÉireann.
Rún 11
Tugann an Ard Fheis seo ómós do ghealltanas agus do thiomantas theaghlach Pat Finucane, trócaire air, d'Fheachtas Shléacht Bhaile Uí Mhurchú agus do gach duine eile i mbun feachtais ar mhaithe leis an fhírinne maidir le scuaid bháis oifigiúla agus neamhoifigiúla na Breataine in Éirinn.
Cimí Polaitiúla
Rún 12
- Éilíonn an Ard Fheis seo scaoileadh saor láithreach gach cime Éireannach poblachtánach polaitiúil.
- Cuireann an Ard Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig gach cime Éireannach poblachtánach polaitiúil atá i ngéibheann in Éirinn agus thar lear.
- Éilíonn an Ard-Fheis seo deireadh le leatrom ar chearta daonna, lena áirítear nochtchuardach, na gcimí polaitiúla poblachtacha i bPríosún Mhaigh gCabraí.
- Tacaíonn an Ard Fheis seo leis na cimí poblachtánacha polaitiúla i Maigh gCabraí san éileamh le haghaidh chur i bhfeidhm Chomhaontú Mhí Lúnasa 2010.
Acmhainní Nádúrtha
Rún 13
- Cáineann an Ard Fheis seo an deonú le déanaí de 13 cheadúnas taiscéalaíochta easchósta sa chiumhais Atlantach, tugtha ag aire Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha na Sé Chontae is Fichead Pat Rabbitte, mar ghéilleadh sa bhreis ar acmhainní nádúrtha na hÉireann do leasa príomháideacha corparáideacha.
- Aithníonn an Ard Fheis seo go mbeidh tógáil an stáit óna stoic ollmhóra gháis agus ola an-íseal faoi na téarmaí ceadúnais reatha, nach n-ofráileann siad slándáil an tsoláthair toisc go bhfuil comhlachtaí ábalta na hacmhainní seo a easportáil nó iad a dhíol ar ais le tomhaltóirí ar an margadh intíre ag an bpraghas margaidh iomlán.
- Creideann an Ard Fheis seo gur chóir go mbeadh smacht ag muintir na hÉireann ar a n-acmhainní nádúrtha agus go mbeidís ábalta leas a bhaint astu agus dá bhrí sin éilíonn an Ard Fheis seo náisiúnú a dhéanamh ar stoic ollmhóra gháis agus ola na hÉireann.
- Tugann an Ard Fheis seo gealltanas tacaíochta leanúnach don fheachtas Shell chun Sáile agus aithníonn sí tiomantas agus daingne an phobail i Ros Dumhach agus Champa Dlúthpháirtíochta Ros Dumhach ag cur in aghaidh fhorghabháil leanúnach Shell Oil ar Mhaigh Eo thiar thuaidh.
Idirnáisiúnta
Rún 14
- Athdhearbhaíonn an Ard Fheis seo seasamh éirígí nach bhféidir an streachailt ar son saoirse náisiúnta, eacnamaíochta, polaitíochta agus sóisialta a thuiscint scoite ón streachailt fhorleathan ar son saoirse agus ceartais go hidirnáisiúnta.
- Athmhaíonn an Ard Fheis seo a creideamh diongbháilte nach bhféidir ord polaitíochta idirnáisiúnta cóir a chur i gcrích ach tríd threascairt an chórais dhomhanda impiriúlachais agus caipitleachais agus á mhalairt le córas bunaithe ar bhunairteagail an tsóisialachais.
- Tapaíonn an Ard Fheis seo an deis arís le beannachtaí bráthartha dlúthpháirtíochta agus réabhlóideacha a chur chuig na daoine agus eagrais go léir atá ag streachailt ar son saoirse náisiúnta, eacnamaíochta, polaitíochta agus sóisialta ar fud na cruinne.
- Cuireann an Ard Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtíochta ar leith chuig muintir agus gluaiseachtaí réabhlóideacha na Colóime, Chúba agus Veiniséala.
Rún 15
- Athdhearbhaíonn an Ard Fheis seo tacaíocht éirígí do mhuintir na Palaistíne ina streachailt ar son saoirse féinrialaithe.
- Tapaíonn an Ard Fheis seo an deis arís le beannachtaí bráthartha agus dlúthpháirtíocht a chur chuig an Fhronta Pobail ar son Fhuascailt na Palaistíne agus iad ag streachailt ar son chruthú stát sóisialach, saolta agus neamhspleách na Palaistíne.
- Éilíonn an Ard Fheis seo scaoileadh saor chimí polaitiúla na Palaistíne go léir agus éilíonn go háirithe scaoileadh saor láithreach Ahmad Sa'adat, Ard-Rúnaí an Fhronta Pobail ar son Fhuascailt na Palaistíne.
Rún 16
Seasann an Ard Fheis seo i ndlúthpháirtíocht le muintir na hAlban ina streachailt leanúnach ar son saoirse náisiúnta, agus féachann ar thoradh dearfach sa 'reifreann ar neamhspleáchas' atá molta mar bhealach amháin le tacaíocht a ghríosú don éileamh ar son neamhspleáchas iomlán polaitíochta agus eacnamaíochta sa tóir ar chuspóir deiridh Phoblacht Oibrithe na hAlban.
Rún 17
- Áiríonn an Ard Fheis seo nár comhlíonadh gealltanas tugtha ag Ard-Fheis Eanáir 2011 chun mórchomhdháil phoiblí a eagrú ar cheist idirnáisiúnta. Sainordaítear don Chiorcal Náisiúnta ag teacht isteach cinntiú go dtarlaíonn ar a laghad comhdháil amháin úd le linn 2012.
- Sainordaíonn an Ard Fheis seo don Chiorcal Náisiúnta ag teacht isteach leanúint lena obair ag forbairt nascanna le daoine agus eagrais fhorásacha ábhartha ar fud na cruinne.
Ciníochas agus Seicteachas Reiligiúnach
Rún 18
- Cáineann an Ard Fheis seo ionsaithe seicteacha i gcoitinne agus na hionsaithe seicteacha comhbheartaithe ar phobal na Trá Gearra ní ba luaithe sa bhliain go háirithe.
- Áiríonn an Ard Fheis seo le fíorimní an méadú in ionsaithe ciníocha ar fud na hÉireann.
- Cáineann an Ard Fheis seo gach ionsaí ciníoch agus seicteach, is cuma cén áit as a dtagann siad.
Soch-Eacnamaíoch
Rún 19
- Cáineann an Ard Fheis seo rialtas Átha Cliath as na ciorruithe búiséid leanúnacha, a bhfuil pobail lucht oibre, na boicht, na heasláin agus codanna soghonta den tsochaí thíos leo.
- Ta uafás ar an Ard Fheis seo go bhfuiltear ag díriú ar sheirbhísí poiblí leis an cheann trom a dhéanamh de phlean rialtas Átha Cliath chun fiacha poiblí a ísliú a tháinig ó tharrtháil na mbanc agus na n-institiúidí airgeadais.
- Diúltaíonn an Ard Fheis seo do nóisean ar bith gur chóir modhanna déine a chur ar an lucht oibre agus a dteaghlaigh chun íoc as géarchéim eacnamaíochta a cruthaíodh ag tóir neamhthrócaireach na n-institiúidí airgeadais príobháideachas agus na n-amhantraithe réadmhaoine ar shár-bhrabúis.
- Ceanglaíonn an Ard Fheis seo éirígí do chur i gcoinne beathach agus seasmhach in éadan chur isteach an IMF/EU i gcúrsaí na hÉireann.
Rún 20
- Aithníonn an Ard Fheis seo nach bhfuil i dtabhairt isteach an cáin tí €100 sna Sé Chondae Fichead mí Eanáir seo chugainn ach iarracht eile de chuid rialtas Átha Cliath chun iallach a chur ar an lucht oibre íoc as fiacha cearrbhachais príobháideacha na mbaincéirí agus amhantraithe.
- Glacann an Ard Fheis seo leis gur seo an tús le roinnt cánacha nua a fhorchuirfear ar theaghlaigh sna Sé Chondae Fichead mar chuid den aontú EU/IMF.
- Éilíonn an Ard Fheis seo baghcat ar an cháin éagórach seo agus geallann a tacaíocht ghníomhach don feachtas Diúltaigh don Cháin Tí agus Uisce.
Rún 21
- Athdhearbhaíonn an Ard Fheis seo an dearcadh gur é príomhaidhm Tionól agus Feidhmeannas Stormont polasaí rialtais na Breataine a riaradh agus a chur i bhfeidhm sna Sé Chondae.
- Aithníonn an Ard Fheis seo go méadófar arís eile na leibhéil dhífhostaíochta atá doghlactha ard cheana féin mar gheall ar chomhaontú toilteanach Fheidhmeannas Stormont breis agus €4 billiún de chiorruithe a chur i bhfeidhm i gcaiteachas na hearnála poiblí.
- Feictear don Ard Fheis seo gur cambheartach agus calaoiseach an comhaontú i bhFeidhmeannas Stormont ag moladh ísliú sna leibhéil chánach corporáide agus ag pionósú oibrithe agus bochtán sa tsochaí.
Rún 22
- Tá fíorimní ar an Ard Fheis seo faoin easpa gnímh ó cheannasaíocht na gceardchumann i dtaca le feachtasaíocht in éadan giorruithe atá ag bualadh caighdeáin mhaireachtála go dona, ag cur deireadh leis na mílte postanna agus atá ag déanamh dochar do sheirbhisí poiblí ar fud na hÉireann cheana féin.
- Spreagann an Ard Fheis seo gnáthbhallraíocht ghluaiseacht na gceardchumann lena ngluaiseacht a athshealbhú ó cheannasaíocht scothaicmeach teipthe nach léiríonn mórán suime i gcosaint leas an lucht oibre.
- Tacaíonn agus droimscríobhann an Ard Fheis seo leis na glaonna sin ó cheardchumannaithe cosmhuintire ar son ghníomh stailce mar bhealach le troid in éadan na modhanna déine a bhfuil a mbrú ar an lucht oibre trasna na hÉireann.
- Athcheanglaíonn an Ard Fheis seo éirígí le bheith le ceardchumannaithe, eagrais phobail agus dheonacha agus grúpaí forásacha eile i dtógáil chur i gcoinne ón bhun aníos do na ciorruithe a bhfuil rialtas Átha Cliath agus Feidhmeannas Stormont á mbrú atá ag díriú isteach ar na daoine is boichte agus is soghonta inár sochaí.
|